Is í an óige ár dtodhchaí! Éist le glór ár n-óg, tógfaidh sé do chroí! Físeán galánta de dhaoine óga misniúla ag ceol is ag caint ar a saol i nGaeltacht Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir. Míle buíochas le LIGID Léiriúcháin. Cliceáil anseo le hamharc air!
Ár dTeanga Ár bPobal Ár nDúchas Ár dTodhchaí! Labhraíonn muintir Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir faoi thábhacht na Gaeilge agus faoi thodhchaí a bpobal Gaeltachta. Féach air anseo
Casadh an Taoiseach Leo Varadkar ar na hoifigigh pleanála teanga i dtithe an Taoisigh i mBaile Átha Cliath ag tús mhí na Nollag. Foilsíodh an Bille nua Acht Teanga go gairid ina dhiaidh sin. Pictiúir ar fad anseo.
Bhí an Amharclann Ghaoth Dobhair dubh le daoine de mhuintir an limistéir agus ár bPlean Teanga á sheoladh ag an Aire Stáit Seán Kayne oíche dé Luain. Chuir na haoichainteoirí béim mhór ar an óige, bhí an lucht éisteachta faoi gheasa ag na ceoltóirí óga ó An Crann Óg agus chuir an físeán de pháistí […]
Amharclann Ghaoth Dobhair 25/11/19 @7in. FÁILTE ROIMH CHÁCH! Ba mhór le Meitheal Pleanála Teanga tú a bheith inár gcuideachta nuair a sheolfaidh Príomh-Aoire an Rialtais an tAire Stáit sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Seán Kyne TD ár bPlean Teanga.