Aire1

Tá ár bPlean Teanga SEOLTA!

Bhí an Amharclann Ghaoth Dobhair dubh le daoine de mhuintir an limistéir agus ár bPlean Teanga á sheoladh ag an Aire Stáit Seán Kayne oíche dé Luain. Chuir na haoichainteoirí béim mhór ar an óige, bhí an lucht éisteachta faoi gheasa ag na ceoltóirí óga ó An Crann Óg agus chuir an físeán de pháistí na háite an dlaoi mhullaigh ar an oíche agus aoibh an gháire ar achan aghaidh ag fágáil na hamharclainne. Ceapadh Clíona Ní Ghallchóir mar Ambasadóir na Gaeilge don limistéar agus tá sí ar intinn aici an bhliain amach anseo a chaitheamh ag spreagadh agus ag gríosadh na hóige ó thaobh thábhacht na Gaeilge de. Oíche mhór lán dóchais agus misnigh a bhí ann.

Tá tuilleadh le feiceáil anseo i dTuairisc.ie , ar ár leathanach Facebook agus ar ár gcuntas Twitter . Labhair TG4 leis na hoifigigh pleanála teanga roimh an ócáid chomh maith agus is féidir amharc ar an tuairisc anseo.

Leave a comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *