Óige na Gaeltachta

Is í an óige ár dtodhchaí! Éist le glór ár n-óg, tógfaidh sé do chroí! Físeán galánta de dhaoine óga misniúla ag ceol is ag caint ar a saol i nGaeltacht Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir. Míle buíochas le LIGID Léiriúcháin. Cliceáil anseo le hamharc air!

Read more
Glór na Gaeltachta! físeán

Ár dTeanga Ár bPobal Ár nDúchas Ár dTodhchaí! Labhraíonn muintir Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir faoi thábhacht na Gaeilge agus faoi thodhchaí a bpobal Gaeltachta. Féach air anseo

Read more
Tá ár bPlean Teanga SEOLTA!

Bhí an Amharclann Ghaoth Dobhair dubh le daoine de mhuintir an limistéir agus ár bPlean Teanga á sheoladh ag an Aire Stáit Seán Kayne oíche dé Luain. Chuir na haoichainteoirí béim mhór ar an óige, bhí an lucht éisteachta faoi gheasa ag na ceoltóirí óga ó An Crann Óg agus chuir an físeán de pháistí […]

Read more
SEOLADH OIFIGIÚIL ÁR bPLEAN TEANGA

Amharclann Ghaoth Dobhair 25/11/19 @7in. FÁILTE ROIMH CHÁCH! Ba mhór le Meitheal Pleanála Teanga tú a bheith inár gcuideachta nuair a sheolfaidh Príomh-Aoire an Rialtais an tAire Stáit sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Seán Kyne TD ár bPlean Teanga.

Read more
SEANCHAS SHEÁIN NÉILL SEOLTA

Bhí oíche mhór in óstán Chaisleáin Óir Anagaire dé Sathairn nuair a seoladh dlúthdhiosca de chuid sheanchas Sheáin Néill ó Rann na Feirste ag Bríd Anna Ní Bhaoill. Bhí scoth na gceoltóirí agus na bhfile i láthair le hoidhreacht mhuintir Sheáin Néill a cheiliúradh. Bhí an halla mór plódaithe ó chúl go doras agus an […]

Read more
Oíche Chultúir

Bhí ócáidí speisialta ar siúl fud fad an limistéir ar an Oíche Chultúir, i nGaoth Dobhair agus i Rann na Feirste. Bhí Oíche Áirneáil san Áislann Rann na Feirste, le ceol, damhsa agus insint scéil ag óg agus ag aosta. Rinneadh taifeadadh ar an oíche den cheol a bheas á chraoladh ar BBC Gaeilge anocht […]

Read more
Tá Ról Agatsa! (físeán)

Tá ról ag achan duine an Ghaeilge a chosaint, a neartú agus a bhuanú mar theanga an phobail i nGaeltacht Thír Chonaill. Féach ar ár bhfíseán le do ról féin a aithint anseo

Read more
Oifigeach Pleanála Teanga úr ceaptha

Glacaimid comhghairdeas léi agus cuirimid fáilte roimh Fhíona Ní Ghloinn a ceapadh mar Oifigeach Pleanála Teanga (OPT) d’Árainn Mhór i dTír Chonaill. Is de bhunadh an oileáin í Fiona agus bhí sí ina leas-phríomhoide i mBaile Átha Cliath gur bhog sí ar ais ar na mallaibh. Go n-éirí go geal léi!

Read more