Beidh oíche áirneáil ar siúl i Seomra an Chlub Óige san Áislann Rann na Feirste Dé hAoine 20ú Meán Fómhair. Tá liosta fada d’aíonna speisialta idir aosta agus óg le bheith i láthair, is dóiche go mbeidh oíche mhór ceoil, filíochta agus scéalaíochta ann agus oidhreacht na ngael á ceiliúradh go fonnmhar ag muintir Rann na Feirste.
