Bíonn an samhradh ina chóisir mhór fhada amháin i nGaoth Dobhair agus na feilte faoi lán seoil ó thús go deireadh na saoire. Thug na bádaí agus an dea-aimsir na sluaite isteach go Gabhla na gréine i mí Iúil agus shílfeá gur istigh ar oileáin sa Mhuir Chairib a bheifeá. Bhí rath mór ar Fhéile Thraidisiúnta Chnoc Fola ag deireadh mí Iúil chomh maith agus an sean saol beo thart fá Theach Mhuirís. Rinne an tOifigeach Pleanála Teanga an fhéile a oscailt go hoifigiúil agus na duaiseanna don Tóraíocht Taisce a bhronnadh. Bhí an fhéile cheoil pop, Sult ar siúl ar na dúnaibh Mhachaire Gathlán i lár mí Iúil agus bhí féile ag pobal Anagaire ag tús na míosa chomh maith. Beidh féile Dhún Lúiche ar siúl ag deireadh mí Iúil/ tús mí Lúnasa le meascán de shiúlóidí, d’ócáidí agus d’imeachtaí don aos óg agus do dhaoine fásta. Is féidir an clár imeachtaí a léamh anseo ar leathanach Facebook an phobail https://www.facebook.com/dunleweycommunity/
