Beidh oscailt na féile, Loinneog Lúnasa san Amharclann Ghaoth Dobhair anocht ag 7.30in. Tá clár iontach curtha le chéile ag n heagraitheoirí le ceolchoirmeacha ó An Crann Óg, Moya Brennan, Glórthaí Uladh, Pauline Scanlon agus neart eile. Chomh maith le taispeántais ealaíne, seisiúin cheoil agus ceardlanna, beidh siúlóidí treoraithe sa cheantar agus fiú seisiún amhráin do pháistí á chur i láthair ag ‘Polcaphonc’. Tá an clár iomlán le feiceáil anseo
