Oíche Chultúir
oíchechultúirRnaF2

Bhí ócáidí speisialta ar siúl fud fad an limistéir ar an Oíche Chultúir, i nGaoth Dobhair agus i Rann na Feirste. Bhí Oíche Áirneáil san Áislann Rann na Feirste, le ceol, damhsa agus insint scéil ag óg agus ag aosta. Rinneadh taifeadadh ar an oíche den cheol a bheas á chraoladh ar BBC Gaeilge anocht […]

Read more
Tá Ról Agatsa! (físeán)
tarolagatsa1

Tá ról ag achan duine an Ghaeilge a chosaint, a neartú agus a bhuanú mar theanga an phobail i nGaeltacht Thír Chonaill. Féach ar ár bhfíseán le do ról féin a aithint anseo

Read more
Oifigeach Pleanála Teanga úr ceaptha
fionaopt

Glacaimid comhghairdeas léi agus cuirimid fáilte roimh Fhíona Ní Ghloinn a ceapadh mar Oifigeach Pleanála Teanga (OPT) d’Árainn Mhór i dTír Chonaill. Is de bhunadh an oileáin í Fiona agus bhí sí ina leas-phríomhoide i mBaile Átha Cliath gur bhog sí ar ais ar na mallaibh. Go n-éirí go geal léi!

Read more
SEOLADH CD BHRÍD ANNA NÍ BHAOILL
seanchassheainneill1

Beidh CD de chuid Bhríd Anna Ní Bhaoill á sheoladh in Óstán Na Caisleáin Óir in Anagaire Dé Sathairn 12ú Deireadh Fómhair. ‘Seanchas Sheáin Néill’ is ainm dó agus bailiúchán dá chuid scéalaíochta atá curtha ag Bríd Anna ar dhlúthdhiosca in ómós a huncail agus a muintire féin. Oíche speisialta a bheas ann agus is […]

Read more
Oíche Chultúir – Oíche Airneáil i Rann na Feirste
oícheairneail1

Beidh oíche áirneáil ar siúl i Seomra an Chlub Óige san Áislann Rann na Feirste Dé hAoine 20ú Meán Fómhair. Tá liosta fada d’aíonna speisialta idir aosta agus óg le bheith i láthair, is dóiche go mbeidh oíche mhór ceoil, filíochta agus scéalaíochta ann agus oidhreacht na ngael á ceiliúradh go fonnmhar ag muintir Rann […]

Read more
Ranganna Gaeilge- Ciorcal Comhrá
falcarrachGaeilge

Ciorcal Comhrá sa tSean Bheairic ar an Fhál Charrach achan Chéadaoine 3-4i.n. Tae, Caife, Comhrá, Cultúr, Caibideal, Díospóireacht, Pobal agus Cuideachta! Tá gnáth ranganna agus scrúdú TEG ar fáil chomh maith, gach eolas ar fáil anseo

Read more