Le cúpla mí anuas bhí MPTIT amuigh ag bailiú eolais agus tuairimí faoin Ghaeilge ón phobal. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le achan duine i nGaoth Dobhair, in Anagaire, i Rann na Feirste agus i Loch an Iúir a líon ceistneoir amach – is mór an cuidiú dúinn é agus an Plean Teanga á chur le chéile againn.
Ár mbuíochas fosta leis na timirí a chuaigh thart leis na ceistneoirí ina achan chuid den LPT seo.
Más rud é nár tháinig timire chomh fada leat le ceistneoir, thig leat cóip den cheistneoir a iarraidh nó do chuid tuairimí a chur in iúl dúinn ach teagmháil a dhéanamh linn anseo.
For the last couple of months MPTIT has been out gathering information and opinions on the Irish language from members of the community. We would like to take this opportunity to thank everyone in Gaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste and Loch an Iúir who took the time to fill out one of our questionnaires – this will be a huge help to us when it comes to writing up our Language Plan.
We would also like to thank the timirí who distributed questionnaires in every corner of our Language Planning Area.
If one of our timirí didn’t come to you with a questionnaire, you can still get a copy of the questionnaire directly from us or send us your thoughts and opinions – get in touch here.